An Cuarchic

Bíodh greim daingean ar an liathróid agat leis an dá lámh.

Coinnigh an ceann síos agus do shúile ar an liathróid.

Bíodh an ghualainn dírithe i dtreo na sprice.

Tóg céim ar aghaidh leis an gcois nach mbeidh ag tabhairt cic don liathróid.

Scaoil an liathróid isteach sa láimh ar an taobh a dtabharfar an cic agus lig an sciathán eile amach ón gcorp chun tú féin a choimeád cothrom.

Lig amach caol na láimhe agus lig don liathróid titim ar an gcois lena mbuailfear an cic.

Tabhair cic don liathróid leis an taobh istigh den chois.

Lig don chois lena dtugtar an cic an liathróid a leanúint trasna an choirp i dtreo na sprice, agus an barraicín dírithe in airde