An Bac Talún chun Tosaigh
Glac an seasamh réidh.
Seas isteach le do chois láidir sa ghleic leis an iománaí eile.
Bain do lámh lag den chamán.
Sín do lámh láidir amach chun an camán a leagan os comhair an tsliotair nó taobh thiar de.
Ba chóir an camán a bheith díreach aníos ón talamh agus an bhos a bheith cothrom roimh an lasc atá ag teacht.
Tabhair aird ar an áit a bhfuil d’ordóg.
Féadfaidh tú do chos láidir a chur taobh thiar den chamán chun é a dhaingniú