Bunaíodh CLG Naomh Marcas sa bhliain 1975 in Achadh an Tobair in iarthar Thamhlachta. Ó shin i leith, tá an cumann imithe ó neart go neart agus ní hiontas é go bhfuil an teist amuigh air anois go bhfuil sé ar cheann de na cumainn is fearr i mBaile Átha Cliath. Den chéad uair riamh, beidh an fhoireann peile agus iománaíochta i Roinn 1 agus is beag cumann atá ann go bhfuil an phribhléid sin acu.
Tá na trí chraobh iománaíochta bainte amach againn le blianta deaga anuas: Sóisir A (2004); Idirmheánach (2005); agus Sinsir B (2006). Is cinnte gur éacht mór é sin! Tá stair na peile mar an gcéanna. Bhuamar Roinn 3 (2003), Roinn 2 (2004) agus sa bhliain 2005 bhíomar sa chluiche cinniúna chun Roinn 1 a bhuachan. Faraor ní raibh an rath céanna ar an bhfoireann an lá sin ach táimid dóchasach i gcónaí!
Tá formhór na ndaoine atá ar an bpainéal peile ar an bpainéal iománaíochta chomh maith, rud a fhágann go bhfuil dlúthchaidreamh idir na himreoirí agus go bhfuil meanma ard sa chumann. Ag an am céanna, cuireann sé seo brú mór ar na himreoirí agus, toisc go bhfuil beirt ar fhoireann peile Bhaile Átha Cliath agus beirt eile ar an bhfoireann iománaíochta againn, cruthaítear a thuilleadh brú ar na himreoirí agus ar an mbainistíocht.
Tá cáil bainte amach ag Naomh Marcas mar chumann paróiste, bua nach bhfuil ag cumainn go leor eile i mBaile Átha Cliath. Is gné an-tábhachtach den Chumann Lúthchleas Gael é seo agus ní mór do gach cumann áitiúil aghaidh a thabhairt ar an sprioc sin. Ba mhór an chabhair é gur tógadh foirgneamh breá nua don chumann sa bhliain 2002. Feidhmíonn sé anois mar Ionad an Phobail le haghaidh mhuintir iarthar Thamhlachta. Is beag oíche nach mbíonn an halla lán go doras le himeachtaí éagsúla ó bhiongó go damhsaí. Is é an ghné seo den chumann thar aon ní eile a fhágann bródúil mé go bhfuilim ag imirt le Cumann Naomh Marcas.
Ciarán Mac Fhearghusa,
Cumann Naomh Marcas,
Iarthar Thamhlachta,
Baile Átha Cliath.