Tá traidisiún na gcluichí Gaelacha i gceantar Chromghlinne le fada an lá. Is í an iománaíocht amháin a imrím féin, agus bainim taitneamh thar na bearta aisti. Bainim sásamh as a bheith ag traenáil ar leibhéal ard leis an gclub, cé go mbíonn an traenáil dian dúshlánach.

Bhain an fhoireann iománaíochta faoina sé déag, ar a rabhas féin ag imirt, craobh Bhaile Átha Cliath siar sa bhliain naoi déag nócha hocht. Ócáid stairiúil ab ea an cluiche sin don chlub. Bhí mise ag imirt mar leathchúl ar chlé an séasúr sin, agus bhain mé an-taitneamh as an gcraobh ina hiomláine. Cé nach raibh an cluiche ceannais féin ar an gcluiche ab fearr an bhliain sin sa chraobh, bhí bliain iomána den chéad scoth ag an bhfoireann.

Tá cuid mhaith den mheitheal imreoirí a bhí ag imirt an bhliain sin ag imirt anois leis an bpainéal sinsearach sa chlub, agus cuid eile acu leis an bhfoireann idirmheánach. Tá sinsir iománaíochta Chromghlinne ag imirt sa chéad roinn i mbliana sa chraobh agus sa tsraith, agus tá gach duine den mheitheal imreoirí ag tnúth le dúshlán gach iomaíochta a thabhairt. “Come on the parish!” a chloistear go hiondúil ó lucht leanúna Chromghlinne, agus tá cúis mhaith leis sin. Is paróiste iománaíochta an fhoireann i gCromghlinn, agus cé nach bhfuil cónaí orm féin i gCromghlinn, is cuid den ‘pharóiste’ sin mé.

Is bua ar leith de chuid CLG é go bhfuil an saghas sin tábhachta ag baint le foireann iománaíochta, dar liom. Níl rud níos fearr ná dul amach ar an bpáirc agus dúshlán iománaíochta a thabhairt le paróiste iománaíochta Chromghlinne. Bhain mé mo chéad bhonn sinsir anuraidh le Cromghlinn, in ilchomórtas Charlie Smith, agus tá súil agam gur bliain rathúil ar leith a bheidh ann do Chumann Báire Chromghlinne i mbliana.

Oisín Uíbh Eachach,
Cumann Báire Chromghlinne,
Baile Átha Cliath.