Camógaíocht i Scoil Theach an Mhainéara, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath.
Tá ceithre fhoireann camógaíochta sa scoil seo — foireann mionúr, dhá fhoireann shóisearacha agus foireann shinsearach.
Anuraidh bhuaigh an fhoireann shóisearach an tsraith! Bhíomar an-sásta linn féin.
Chuamar go Cill Airne ar feadh deireadh seachtaine i dtús mhí Márta. D’fhanamar i dtithe beaga in aice le hÓstán Castlerosse. Chuamar ag caitheamh liathróidí péinte maidin Dé Sathairn agus nuair a d’éirigh linn an phéint a bhaint as ár gcuid gruaige, chuamar ag siopadóireacht i dTrá Lí. Maidin Dé Domhnaigh d’imríomar camógaíocht agus bhí sé an-fhuar!
I mbliana tá an tsraith críochnaithe agus táimid ag tnúth leis an gCraobh. Tá cúpla cailín sa scoil a imríonn do Bhaile Átha Cliath faoi 14, faoi 15 agus faoi 16.
Is ar an gCéadaoin a bhíonn an traenáil againn. Bíonn cailíní ó roinnt clubanna ann — Ráth Eanaigh, Naomh Mearnóg agus Naomh Uinseann. Réitímid ar fad le chéile.
Beidh iománaíocht taobh istigh ag tosnú go luath sa halla nua sa scoil.
Tá dhá fhoireann peile sa scoil freisin. Thosaigh sé sin i mbliana. Tá ag éirí thar barr leo go dtí seo agus níl cluiche ar bith caillte acu fós.
Cé nach scoil lánGhaeilge í, bheimis lánsásta cluiche a imirt agus gan ach Gaeilge a úsáid.
Bígí i dteagmháil linn!