Tá áthas orm fáilte a chur romhaibh go dtí an suíomh tacaíochta seo. Mar is eol daoibh, tá iarrachtaí ar siúl ag Oifigigh Chultúrtha, ag Rúnaithe agus ag oifigigh eile de chuid na gclubanna agus na gCoistí Contae an cultúr a chur chun cinn ina gclub féin agus i measc na gclubanna ina gcontae le fada an lá. Obair an-tábhachtach is ea an obair sin agus is mór mo mheas ar lucht a déanta.
Mar iarracht chun cabhrú leis na daoine sin is ea a bunaíodh an suíomh seo agus tá sé ann anois le breis is seacht mbliana anuas. Tá a fhios agam go maith gur cabhair mhór phraiticiúil é an suíomh ó thaobh tacú le hiarrachtaí na ndaoine go léir atá páirteach san obair agus cuireann sé gliondar croí orthu go bhfuil an tacaíocht sin ar fáil dóibh. Tá idir eolas agus mholtaí ann agus is maith an tús é. Mar is eol dúinn go léir — tús maith leath na hoibre.
Ar an suíomh seo tá ábhar ar fáil chun cabhrú freastal ar riachtanais daoine éagsúla, idir óg agus aosta, idir oifigiúil agus neamhoifigiúil, agus chun cabhrú leo an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ina gcuid gníomhaíochtaí. Dar ndóigh, má tá smaointe nua ag aon duine agaibh le haghaidh an tsuímh seo, beidh gliondar orainn iad a chloisteáil uaibh. Ba mhaith linn an suíomh seo a fhorbairt i rith an ama, bunaithe ar na moltaí agus na smaointe a bheidh faighte againn uaibh.
Sampla eile den chabhair is féidir libhse a thabhairt dúinne chun an suíomh seo a fhorbairt is ea alt a chur isteach chugainn le haghaidh ‘An Club S’Againne’ nó grianghrafanna nó tuairiscí faoi imeachtaí, nó ábhar le haghaidh ‘Cúinne na nÓg’.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Choiste Cultúrtha as an obair bhreá atá ar siúl acu agus gach rath a ghuí ar an obair sin.
Rath oraibh,
Seán Ó hÓráin,
Cathaoirleach Chomhairle Laighean.